Éamon Ó Cuív
Dé Máirt 29 Eanáir 2008, ar 4i.n. tráthnóna, beidh An tAire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív,T.D, ag teacht ar cuairt chuig An Carn, i dTír Chiana, Sleacht Néill, áit a bhfeicfidh sé féin an dul chun cinn iontach atá déanta sa cheantar maidir le cur chun cinn na Gaeilge de. Beidh deis aige camchuairt bheag a dhéanamh thart ar cheantar Mhachaire Rátha agus Shleacht Néill sula mbaineann sé Oifig an Phoist agus Siopa An Carn amach. I ndiaidh tamall a chaitheamh ag amharc ar thaispeántas faoi mheath na Gaeilge ag tús an chéid seo caite buailfidh sé le páistí ó Bhunscoil Naomh Bríd, Tír Chiana agus le grúpaí áirithe Gaeilge atá lonnaithe ag An Carn - Carn Media, An Club Eachtra agus Carn Translations ina measc. Ócáid speisialta a bheas ann, gan aon dabht, agus seans á thabhairt do mhuintir An Carn, ar éirigh leo deontas mór a bhaint amach roimh an Nollaig ó Fhoras na Gaeilge, á léiriú don domhan mór, idir Ghaeil agus Ghaill, go bhfuil athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil i gcroílár Chúige Uladh.