Rith 2016
Bhí an turas reatha ‘RITH’ i Machaire Rátha Dé hAoine 11 Márta ar a bhealach thart ar chontaetha na hÉireann ar son na Gaeilge. Thosiagh foireann RITH amach i gcontae Chill Dara agus iad ag iompar bata ar fud fad na tíre chomh maith le teachtaireacht iontach ó Uachtarán na hÉireann, Michael D Higins.
Dúirt Eméid Ó Raifeartaigh a bhí ag rith ar son chlub Bhaile an tSuaitrigh, “gur imeacht an-uathúil é RITH agus gur rud iontach bheith páirteach ann”. Tháinig an imeacht RITH ón Korrika atá ag tír na mBascach agus ba seo an 4ú bliain don RITH in Éirinn agus é ag dul ó neart go neart leis na sluaite móra ag tacú leis an imeacht agus leis an Ghaeilge ar fud na tíre.
Dúirt Marcas Mac Ruairí, ó lucht eagraithe RITH, gur “shocraigh muid an RITH a dhéanamh fríd bailtí agus sráidbhailte amháin i mbliana ach le cuairt a thabhairt ar gach aon chontae in Éirinn. Bhí an tacaíocht ar dóigh ó mhuintir na hÉireann i mbliana! Bímid i gcónaí ag dúil le cuairt a thabhairt ar Mhachaire Rátha agus ar Charn Tóchair mar is mó an tacaíocht a mbíonn i gcónaí ann le slua mór daoine ag tacú linn agus ní raibh difear ar bith ann i mbliana [2016]”.
Ba mhian le An Carn buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig amach ar an lá le páirt a ghlacadh nó le tacaíocht a thaispeáint do na reathaí ar fad agus buíochas a ghabháil leis na grúpaí seo a leanas a cheannaigh Km le tacaíocht a thabhairt don RITH; Campa Chormaic Dhoire, Michael Davitts CLG Swatragh, Gaelcholáiste Dhoire, Sleacht Néill CLG, Naíscoil Charn Tóchair, Naíscoil Mhachaire Rátha and Óige Charn Tóchair. Go raibh maith agaibh go léir!!




