Teanga: English Gaeilge
Infhaighteacht lóistín
Home > An Ghaeilge > Ranganna Gaeilge > Ranganna Gaeilge do Dhaoine fásta 09/16
Infhaighteacht lóistín

Ranganna Gaeilge do Dhaoine fásta 09/16

Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh ceithre leibhéal ar fáil (ag brath ar an éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.
 
Mar sin, más glantosaitheoir, feabhsaitheoir, nó cainteoir líofa thú atá ag iarraidh cleachtadh, tar chuig an Charn ag 7i.n. Dé Luain 19 Meán Fómhair. Beidh fearadh na fáilte romhat.
 
Beidh sraith 12 seachtaine ann sa chéad téarma ó 
19/9/16 - 12/12/16 (seachtain saor d’Oíche Shamhna)
 
Oidí:
Órfhlaith Ní Chearnaigh
Siubhán Ní Dhoibhlin
Malachaí Ó hÁgáin 
Séamus Mac Conmidhe

Am: 7.30 - 9i.n. (gan sos)
Clárú ar an chéad oíche ar 7i.n. 

Táille: £35 (Ráta lamháltais: £30*)

* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá os cionn 60 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lánaimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil nó ar Naíscoil.

Cuir d'áit in áiriteh anseo: http://ancarn.yapsody.com
 

  • Ranganna Gaeilge
  • Ranganna Gaeilge

Baineann 'An Carn' úsáid as fianáin chun feidhmiúlacht uachtarach agus eispéireas feabhsaithe d'ár suímh a thabhairt duit. Léigh fán dóigh a úsáidtear fianáin agus an dóigh is féidir leat a bheith i gceannas orthu anseo. Glacann tú leis an polasaí seo le hathúsáid an tsuímh seo.