Teanga: English Gaeilge
Infhaighteacht lóistín
Home > Nuacht > Aisteoirí Óga Charn Tóchair - Óige Charn Tóchair le tabhairt faoin drámaíocht
Infhaighteacht lóistín

Aisteoirí Óga Charn Tóchair - Óige Charn Tóchair le tabhairt faoin drámaíocht

Bhain Aisteoirí Óga Charn Tóchair an chéad áit amach i gcomórtas Fhéile Scoildrámaíochta agus ba seo an chéad bhliain dóibh bheith istigh ar an chomórtas chéanna. Scríobh fear áitiúil, Diarmuid de Brún an dráma a insíonn scéal dúinn faoi bheirt dílseoirí óga a dtagann isteach ar chuideachta ghrúpa ghníomhaí teanga na Gaeilge agus a bhfoghlaimíonn an dóigh le meas agus sult a bhaint as cultúr na nGael.
Tá teachtaireacht ionraic leis an dráma seo maidir le pobail scartha agus easpa chearta teanga beagnach 20 bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an dráma a léiriú ag grúpa óg Gaeilgeoirí idir 10 agus 17 bliain d’aois. Dúirt Michael Óg Mc kenna, duine de na haisteoirí is mó taithí stáitse i gCarn Tóchair, “gur thaitin taithí an dráma agus an deis cur in iúl easpa ceartaí atá go fóill ann do ghaeilgeoirí óga cósúil liom féin sa 21ú céad”. Beidh Aisteoirí Óga Charn Tóchair anois ar stáitse arís i mí Aibreáin i Mullingar le dul san iomaíocht le daoine óga eile le haghaidh chraobh na hÉireann.

Thug scríbhneoir agus stiúrthóir an dráma ard-mholadh do na haisteoirí óga agus é ag rá: “Bhí sé de phleisiúir agam obair leis na daoine óga seo atá lán chumas aisteoireachta. Ní raibh ar intinn againn ag an tús ach páirt a ghlacadh i gcraobh Dhoire agus is mó an iontas nuair a bhain muid í sin agus ansin lean muid ar aghaidh agus bhain muid craobh Uladh fosta. Bhí iontas orainn mar gheall gurb í seo an chéad bhliain dúinn páirt a ghlacadh sa chomórtas. Ar ndóigh, ní raibh an comórtas féin an rud ba thábhachtaí dúinn ach an deis a thabhairt do na daoine óga seo teacht le chéile agus an Ghaeilge s’acu a úsáid ar dhóigh shóisialta agus is ón dráma a tharla sin”.
Tá Aisteoirí Óga Charn Tóchair anois ag amharc chun tosaigh go dtí an chéad chéim eile i Mullingar agus iad ag ullmhú do Chraobh na hÉireann.
 

An Carn - Ticéid - Tickets
Sign Up
Baineann 'An Carn' úsáid as fianáin chun feidhmiúlacht uachtarach agus eispéireas feabhsaithe d'ár suímh a thabhairt duit. Léigh fán dóigh a úsáidtear fianáin agus an dóigh is féidir leat a bheith i gceannas orthu anseo. Glacann tú leis an polasaí seo le hathúsáid an tsuímh seo.