Tá tú anseo Baile Tionscadail An Ghaeilge Club Iarscoile

Club Iarscoile

A bhuí le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, tá beirt Oifigeach Óige nuacheaptha ag An Carn chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú don aos óg sa cheantar tríd an Chlub Iarscoile agus an Chlub Eachtra. Is Club Iarscoile lán-Ghaeilge é seo a chuirtear ar fáil do pháistí a fhreastalaíonn ar an Ghaelscoil áitiúil. Is scéim phíolatach é an Club Eachtra do dhaoine óga a d’fhreastail ar an Ghaelscoil agus atá anois ag fáil oideachas dara leibhéal trí mheán an Bhéarla. Tá fáilte roimh dhuine ar bith idir 12-18 bliain d’aois a bhfuil Gaeilge acu agus ar mhaith leo deis an Ghaeilge a chleachtadh agus sult a bhaint aisti. Laistigh den chéad bhliain eile, táimid ag súil go mbeidh clár cuimistheach d’imeachtaí againn sa dóigh go mbeidh deis ag na daoine óga seo a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus snas a chuir uirthi go rialta

Níl aon mhír san fhillteán seo faoi láthair.

Gníomhartha Doiciméid