Feis Charn Tóchair 2010
I ndiaidh gur éirigh chomh geal sin le Feis Charn Tóchair i 2009, ba mhian le Coiste Forbartha Charn Tóchair ócáid bhliantúil a reáchtáil. Ba iad aidhmeanna Feis Charn Tóchair athbheochan na Gaeilge agus an chultúir i gContae Dhoire a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Beidh rannóga éagsúla san Fheis a bheidh oiriúnach do réimse leathan aoisghrúpaí, idir fhoghlaimeoirí na teanga agus chainteoirí líofa. Beidh na comórtais éagsúla, agus bronnadh duaiseanna na gcomórtas scríbhneoireachta agus ealaíne san áireamh, ar siúl in An Carn, (Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha) Dé Sathairn 12 Meitheamh.
Comórtas na Feise mar seo a leanas:
Comórtas aithriseoireachta filíochta:
Toisc gurb é cuspóir na Feise an Ghaeilge a cheiliúradh, ní mór leis an fhilíocht ar fad bheith i nGaeilge. Tá fearadh na fáilte, áfach, roimh dhaltaí ó Bhunscoileanna Béarla páirt a ghlacadh sna comórtais. Tá rannóg ar leith ann ina bhfuil na dánta roghnaithe go speisialta do na páistí siúd. Ba mhian linn a léiriú gur leis an chomhphobal ar fad í an Ghaeilge. Is iad na rannóga eile sa chomórtas aithriseoireachta ná, naíscoil, Gaelscoil agus meánscoil.
Comhrá:
Tá comórtas seo oiriúnach do pháistí atá ag freastal ar an bhunscoil agus ar an naíscoil amháin. Sa chomórtas seo, labhraíonn an moltóir le gach páiste as Gaeilge ar feadh bomaite nó dhó ar réimse téamaí; na rudaí is maith leo agus nach maith leo, clann, scoil agus cairdeas. Déanfar moltóireacht ar mhuinín an pháiste agus a chuid scileanna cumarsáide chan ar an méid Gaeilge atá acu. Tugann an comórtas seo deis iontach do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu de gach aois blaiseadh a fháil ar an dóigh ar féidir le Gaeloideachas fíordhátheangachas a chur ar fáil.
Comórtas Scoláireachta:
Is cuid lárnach d’fhorbairt líofachta leanaí é am a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá Feis Charn Tóchar bródúil as comórtas scoláireachta a reáchtáil, ina mbronnfar páirtscoláireachtaí ar luach suas go dtí £200 ar bheirt dhalta i ngach aon aoisghrúpa ó Bhliain 8 go Bliain 13, le freastal a dhéanamh ar cheann de choláistí samhraidh na Gaeltachta. I ngach aon aoisghrúpa bronnfar scoláireacht amháin ar iardhalta bunscoile Gaeilge agus ceann ar dhalta nár fhreastail ar Ghaelscoil. Rachaidh gach dalta faoi scrúdú cainte sa chomórtas. Tá na critéir iontrála don chomórtas scoláireachta leagtha amach i siollabas na Feise. Tabharfar na scoláireachtaí amach do na buaiteoirí ar theacht ar ais ón Ghaeltacht dóibh agus cruthúnas/fianaise acu gur chríochnaigh siad an cúrsa.
Comórtas Scríbhneoireachta
Tá an comórtas seo oiriúnach do dhaltaí bunscoile agus meánscoile páirt a ghlacadh ann. Iarrtar ar scoláirí gearrscéal de 500 focal (nó níos lú) ar ábhar ar bith a scríobh.
Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl le cuidiú le páistí na scéalta a scríobh ar an Aoine 4 Meitheamh . Féach thíos do liosta spriocdháta na n-iontrálacha.
Comórtas Ealaíne:
Tá an comórtas seo oiriúnach do chách; páistí atá ag freastal ar naíscoileanna, bunscoileanna trí Béarla, Gaelscoileanna agus meánscoileanna. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le do scoil nó le Leonne ag An Carn le heolas a fháil faoi na téamaí sna rannóga éagsúla. Is féidir leat ábhar ar bith a úsáid, pinn luaidhe, péint, crián, colláis srl. Ach déan cinnte nach bhfuil na hiontrálacha níos mó ná A3.
Ceol Traidisiúnta:
Tá na comórtais seo oiriúnach do chách; páistí atá ag freastal ar bhunscoileanna trí Bhéarla, Gaelscoileanna agus meánscoileanna. Is iad na rannóga éagsúla: feadóg stáin, feadóg mhór, fidil agus amhránaíocht thraidisiúnta. Roinnt aoisghrúpa bainte leis.
Ta cóip den mhionchlár seolta chuig na naíscoileanna, bunscoileanna (trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge) agus na meánscoileanna i mórcheantar Mhachaire Rátha agus Machaire Fíolta.
Tá bileog na Féise ar fáil ó An Carn. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, amharc ar líne www.ancarn.org nó thig leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge Leonne Ní Loinsigh 028 7954 9978
Spriocdháta na n-iontrálacha
Seol na foirmeacha iarratais agus táillí d’achan comórtas chuig Leonne ag An Carn roimh na dáta thíos luaite:
- Aithriseoireacht Dé Aoine 28 Bealtaine
- Comórtas Scoláireachta Dé Aoine 28 Bealtaine
- Comhrá Dé hAoine 28 Bealtaine
- Ceol Thraidisiúnta Dé Aoine 28 Bealtaine
- Scríbhneoireacht
- Leibhéal na mbunscoileanna Dé Luain 7 Meitheamh
- Leibhéal na meánscoileanna Dé Luain 7 Meitheamh
Comórtas Ealaíne Dé Luain 1 Meitheamh

