Gearrchúrsa Gaeilge ag An Carn
Beidh an gearrchúrsa bliantúil Gaeilge do dhaoine fásta ar siúl arís i mbliana in An Carn Dé Sathairn 4 Meán Fómhair ó 10:00am go 4:00pm. Na hoidí a bheas ann i mbliana ná, Neil Comer, Pól Mac Giolla Eoin agus Seán Fearron, le bunrang, meánrang agus ardrang a chur ar fail.
Deis iontach atá sa ghearrchúrsa seo, ní hamháin dóibh siúd ar mian leo rang Gaeilge a thriail don chéad uair, ach chomh maith do dhaoine ag leibhéal ar bith atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil in An Carn. Ar an fhoirm is féidir breac-chuntas a thabhairt ar an méid Gaeilge atá foghlamtha agat cheana (má tá cuid ar bith) agus na réimsí foghlama ar mhaith leat díriú orthu a shonrú. Beidh an réamheolas seo ina chuidiú ag na hoidí agus iad ag dearadh gníomhaíochtaí a fhreastlóidh ar riachtanais gach duine ar leith.
£15 táille an chúrsa, agus clúdaíonn sé seo lón blasta agus sólaistí éadroma.
Ní mór clárú roimh ré.
Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmhail le Leonne ag An Carn, 028 79549978, nó gabh chuig www.ancarn.org

