Féile na Gaeilge 2010 - d'éirigh go hiontach leis!
D’éirigh go hiontach le Féile na Gaeilge, céiliúradh do Seachtain na Gaeilge a mhair míosa!
Bhí réimse leathan imeachtaí ann fóirsteanach do gach aois ghrúpa agus gach saghas Gaeilgeoir; na cainteoirí líofa, lucht an chúpla focal agus siúd gan focal ar bith ach a bhfuil grá acu don chultúr Gaeilge.
Bhí cuid mhór imeachtaí ann don óige idir thurais babhlála agus go Baaile Átha Cliath agus dioscó Gaelach. Áfach imeacht a chur siad sároibre ann ná an Comórtas Cainte Poiblí.
Bhí an chomórtas seo dírithe ar dhéagóirí meánscoile agus ghlac an dá scoil, Coláiste Phádraig, Machaire Rátha agus Coláiste Phádraig, Dún Geimhinn páriteach ann. Ba mhaith linn comhghairdeas a thabhairt do gach duine a ghlac páirte ann. Bhí na cur i láthair uile d’ard caghdéan agus an-speisiúil ar fad. Bhain Éadaoin Nic Oscair an léibheal faoi 16 agus Orlaith Ní Mhaoláin faoi 14.
Ba mhian leis An Carn buíochas a ghabháil le Deaglan Ó Doibhlin, Oifigeach Forbartha Gaeilge do Chomhairle Mhachaire Fíolta agus Bhuirg Léim a’ Mhadaí, as bheith ina mholtóir, agus buíochas a ghabhail leis na scoileanna agus na múinteoirí as na daltaí ullmhú don chomórtas.
Bhí roinnt imeachtaí eile ann chomh maith a thug deis don chomphobal an teanga agus cultúr a cheiliúradh;
Tráth na gCeist i dTigh Pheadair le máistir na gceisteanna Séan Mac Giolla Cheara;
Séisiúin Ceoil i ‘Granny Kanes’; ceann dírithe ar Dhéagóir agus daoine fásta atá ag foghlaim ceol agus ceann eile d’éirigh ar phaistí.
Cuireadh tús le sraith léachtanna. Bhí an chéad léacht ar Sloinntí le hAodan Mac Póilín, agus bhí léacht eile ar ‘Stair an Cheantair’ le Diarmuid Ó Doibhlin. Beidh an triú léacht ar siúl Dé Céádaoin 28 Aibreán i Halla Shleacht Néill, ar 8:00in. Ba é ‘logainmneacha’ ábhair an léacht seo le Greg Toner.
Bhí ceardlann scríbhneoireachta trí Ghaeilge ann do pháistí bunscoile le hEithne Ní Gallchóbhair. D’éirigh go hiontach leis na daoine óga agus chum siad scéalta an-samhlaithe ar fad. Chríochnaigh an Fhéile le siúlóid teaghalaigh ar an Carn Dé Domhnaigh 28 Márta. Bhí breis is 60 daoine i láthair agus páistí beaga, pásití naíscoile, bunscoile agus déagóirí meánscoile ina measc. Tháinig daoine chomh fada siar ó Bhéal Feirste le pairt a ghlacadh ar an siúlóid. Bhí Deaglan Ó Doibhlin ansin mar threoraí le eolais a thabhairt ar na rudaí suntasach ar an siúlóid.
Ba mhian le Coiste Forbartha Charn Tóchair buíochas a ghabháil lenár maoinitheoirí Foras na Gaeilge as bheith ábalta an Fhéile a reáchtáil. Ní amháin sin ba mhaith linn míle buíochas a thabhairt do gach duine a chuidiú linn, na saoralaithe idir tuismitheoirí agus daoine óga a chuidiú linn, leis na himeachtaí ar fad a chur i gcrích.

