You are here: Home Tionscadail An Ghaeilge Seachtain na Gaeilge Féile na Gaeilge 3 - 28 Márta

Féile na Gaeilge 3 - 28 Márta

Féile chultúrtha agus teanga – rud éigin do chách!

Cuir ort do bhróga damhsa, cuir snas ar do Chúpla Focal agus bí ag cleachtadh do chuid amhránaíochta ar an sean-nós – leis an Ghaeilge agus a cultúr a cheiliúradh, tá féile á reáchtáil ag An Carn ina mbeidh réimse leathan d’imeachtaí le linn mhí an Mhárta.

 

Ar smaoinigh tú riamh cad é an chiall atá  le do shloinne nó cá as a dtagann sé? Tar chuig léacht le hAodán Mac Póilín lena fháil amach. Is í an léacht seo an chéad léacht sa tsraith léachtaí atá á reáchtáil ag An Carn agus beidh an chéad cheann acu siúd ar siúl i Halla Shleacht Néill ar 8:00in ar an Chéadaoin 3 Márta. Fáilte roimh chách.

 

Tá an Dianchúrsa Gaeilge ar ais linn arís. Beidh an deis agat slacht a chur ar do chuid Gaeilge, nó má tá sé de rún agat Gaeilge a fhoghlaim ach ní raibh an deis agat riamh, tá an cúrsa seo foirfe duit. Tá trí leibhéal ann, bunrang, meánrang agus ardrang le múinteoirí den scoth, Seán Fearon, Pól Mac Giolla Eoghain agus Susan Uí Mhianáin. Tosóidh an cúrsa tráthnóna Dé hAoine 5 Márta ar 7:00in – 9:30in agus leanann sé ar aghaidh Dé Sathairn 6 Márta ar 10:00rn- 3:30in. Is é táille an chúrsa seo ná £25 an duine, le lón san áireamh. Molaimid áiteanna a chur in áirithe go luath don chúrsa seo: 028 79549978

 

Mar atá ráite, “Tús maith leath na hOibre’ Ar an Aoine 12 Márta, mar chuid d’Fheis Charn Tóchair beidh comórtais díospóireachta agus Cainte Poiblí ar siúl trí Ghaeilge do mheánscoileanna áitiúla.

 

Beidh grúpa nuabhunaithe drámaíochta An Carn ag bualadh an ardáin sna Dúnaibh, Tír Chonaill leis an dráma, “Na Trí Cearrbhaigh!” ar an Aoine 12 Márta. Má tá spéis agat dul ann agus tacaíocht a thabhairt, chomh maith le hoíche den chéad scoth a bheith agat agus do Chúpla Focal a chleachtadh, tá rátaí speisialta eagraithe. Déan teagmháil le Leonne @ An Carn le tuilleadh eolais a fháil: 028 79549978

 

Beidh Céilí Teaghlaigh dátheangach ann Dé Domhnaigh 14 Márta leis an mhúinteoir damhsa, Aileen Close. Beidh an céilí ar siúl i Halla Shléacht Néill ó 6:00 – 8:00in. Is oíche ar fheabhas í don teaghlach ar fad.

 

Ar an Mháirt 16 Márta, beidh dioscó Gaelach ann le DJ Art@ The Basement, Teach Ósta Wlash. Aois: 15+ Am: 9:00in. Táille: £5

 

Lá Fhéile Pádraig:

Dé Céadaoin 17 Márta beidh réimse gníomhaíochtaí ar siúl:

 

Turas Ógras chuig Páirc an Chrócaigh. Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Leonne @ An Carn 08 79549978

 

Tá siúlóid a reáchtáil ag Gaelscoil na Speiríní chuig Creag na Seabhac. Tá na siúlóidithe le teacht le chéile ag Ionad An Ráth Dubh ar 11:00rn. Le tuilleadh eolais a fháil ar an imeacht seo, déan teagmháil le Michael Ryan 07711824438

 

Aifreann trí Ghaeilge ar 7:00in, Móin na nIonadh. Fáilte roimh chách.

 

Ar an Déardaoin 18 Márta, beidh an dara léacht sa tsráith ar siúl i Halla Shleacht Néill ar 8:00in. Léacht ar stair an cheantair a bheas ann le Diarmuid O Doibhlin. 

 

Beidh Tráth na gCeist Tigh Pheadair, McKenna’s Bar, Dé hAoine 19 Márta ar 9:30in le máistir na gCeisteanna, Seán Mac Giolla Cheara. Rachaidh fáltas na hoíche chuig Naíscoil Charn Tóchair agus Naíscoil Mhachaire Rátha.

 

Dé Domhnaigh 28 Márta: Domhnach na Slat: Siúlóid thraidisiúnta ar an Charn. Imeacht dhátheangach é seo le ceannairí/ treoraithe ar fáil le heolas a thabhairt ar an bhrí stairiúil a bhí le siúl ar an Charn ar an lá seo.

Moltar bróga agus éadaí fóirsteanacha a chaitheamh. Tá na siúlóidithe ag cruinniú @ Ionad An Carn ar 1:00in.

 

Mar sin, is cinnte go bhfuil imeacht ann atá fóirsteanach do chách. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí thuasluaite, déan teagmháil le Leonne @ An Carn 028 7954 9978

 

Bí Linn! Bí Gaelach!

Document Actions