Féile Charn Tóchair 2008, 11-23 Lúnasa
Beidh Coláiste Charn Tóchair, scéim shamhraidh dhátheangach, ar siúl ar feadh coicíse. Beidh an chéad seachtain den scéim 11- 15 Lúnasa, fóirsteanach do pháistí ó gaelscoileanna atá 4 – 12 bliain d’aois agus is trí mheán na Gaeilge a bheas na himeachtaí uilig . Beidh an dara seachtain 18 – 22 Lúnasa fóirsteanach do gach páiste, idir ghlantosaitheoirí agus Ghaeilgeoirí líofa. Beidh imeachtaí ar leith ann chomh maith do pháistí naíscoile le linn na coicíse. Beidh deis ag na páistí uilig páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí agus cluichí – ceardaíocht agus ealaín, spórt, rince Céilithe, amhránaíocht, ceol traidisiúnta, toraíocht taisce agus Céilí mór. Cláraigh gan mhoill ag An Carn: 028 79549978
Mar chuid d’ Fhéile Charn Tóchair i mbliana , beidh dianchúrsa Ghaeilge ann do dhaoine fásta . Arís, beidh an cúrsa seo oiriúnach do ghlanntosaitheoirí , do lucht cúpla focal agus daofa siúd ar mian leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tosaíonn an cúrsa tráthnóna Dé hAoine 15 Lúnasa agus leanann sé Dé Satharn 16 Lúnasa. Ta táille £25 ar an chúrsa le lón san aireamh. Tá áiteanna teoranta ar an chúrsa seo - cláraigh gan mhoill : 028 79549978
Ar an Satharn, 16 Lúnasa beidh siamsaíocht den chéad scoth ann don teaghlach uilig ag Margadh Tuaithe Charn Tóchair agus Lá Spraoi do Theaghlaigh. Beidh réimse leathan de stainníni margaidh ann, le bia agus ceardaíochtaí lámhdéanta. Mas suim leat do stainnín margaidh féin a chur ar fáil ann, gabh i dteagmháil le Joanne ag An Carn: 028 7954 9978.
Ag an Lá Spraoí Teaghlaigh, beidh péintéireacht aghaidhe ann, lá spóirt do pháistí. Léim thart ar an caisleán séidte nó bain triall as cath coraíochta sna culaith ‘Sumo’. Beidh deis ag páistí bheith ag marcaíocht agus beidh BBQ ann chomh maith.
Le linn seachtain 2, beidh réimse leathan d’imeachtaí ann; Tráth na gCeist, Siúlóid Oidhreachta, Tóraíocht Taisce agus oíche cheoil le ‘Tannasg’ ar chríoch na féile Satharn 23 Lúnasa.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge, le Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta agus le gnóthaí áitiúla as maoiniú na Féile chomh maith leis buíochas a ghabháil leis na saorálaithe uilig as a gcuid tacaíochta .
Fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sna himeachtaí go léir. Is deis í seo chun oidhreacht chultúir, teanga agus dúlra an cheantair stairiúil seo a bhlaiseadh, a chaomhnú agus a láidriú.
Má tá suim agat in imeacht ar bith agus chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag